An fear a bhí ina chónaí fá mhíle de Bhaile Átha Cliath (cuid 1) - Jane Nic Ruaidhrí

Recording: [Download MP3 (of processed ‘user’ version)] [Download AIFF (of processed ‘user’ version)] [Download AIFF (of archive version)]

This audio player requires Flash. Please click here to download Flash to your computer if the player is not visible.

Title in English: The man who lived a mile from Dublin (part 1)
Digital version published by: Doegen Records Web Project, Royal Irish Academy

Description of the Recording:

Speaker: Jane Nic Ruaidhrí from Co. Tyrone
Person who made the recording: Karl Tempel
Organizer and administrator of the recording scheme: The Royal Irish Academy
In collaboration with: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (now Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Recorded on 24-09-1931 at 17:00:00 in Queen's University, Belfast. Recorded on 24-09-1931 at 17:00:00 in Queen's University, Belfast.
Archive recording (ID LA_1215d1, from a shellac disk stored in Belfast) is 01:52 minutes long. Archive recording (ID LA_1215d1, from a shellac disk stored in Belfast) is 01:52 minutes long.
Second archive recording (ID LA_1215b1, from a shellac disc stored at the Royal Irish Academy) is 01:52 minutes long. Second archive recording (ID LA_1215b1, from a shellac disc stored at the Royal Irish Academy) is 01:52 minutes long.
User recording (ID LA_1215d1, from a shellac disk stored at the Royal Irish Academy) is 01:52 minutes long. User recording (ID LA_1215d1, from a shellac disk stored at the Royal Irish Academy) is 01:52 minutes long.

Transcript

Bhí fear ina chónaí fá mhíle de Bhaile Átha Cliath. (Théadh sé i gcónaí isteach 'na bhaile mhóir) ag cuartú bean is deabhal duine a thiocfadh leis a fháil. Cha rabh oiread bratógaí éadaigh air. Bhí sé (always ina chraiceann). Cha rabh oiread bratógaí éadaigh air (ag suireadh[1] craic agus spórt). Bhí sto-... lán stocaí d'ór aige. Cha rabh a fhios acu in Éirinn goidé an plan a chuirfeadh siad suas chun an t-ór a fháil de - stocaí óir. Bhí fear comharsan dena chuid féin is chuaigh sé isteach 'na bhaile mhóir a'n[2] lá amháin is chas sé ar bhuachaill. Deir sé leis, "Má níonn tusa rud a iarrfaidh mise ort gheo' mé tú... gheo' tú leathstocaí óir, gheo' tú leathstocaí óir."

"Dhéanfaidh[3] mise rud ar bith."

"Téigh isteach 'na tsiopa sin is ceannaigh culaith dheas cailín, is cuir ort é is abair leis an fhear go bpósfaidh tú é tráthnóna amáireach."

Rinn sé sin. Chas siad air an darna tráthnóna ag teacht isteach 'na bhaile mhóir go díreach ar a sheanléim.

"Seo cailín dhuid anois (le) pósadh."

"Buíochas do Dhia! Sin rud atá mise a chuartú le bliantaí, is cha(n fh)uil duine a thiocfadh liom a fháil. Níl duine astoigh, cailín nó bean, astoigh i mBaile Átha Cliath nach rachadh isteach ine[4] bpoll rat nach scanróinn iad agus chráfainn iad. Bhuel, siúlaigí isteach 'un ' tsiopa seo braom[5] le ól."

Chuaigh siad isteach. Shuigh sé cluadar leis an chailín. D'fhiafraigh sé daoi' an bpósfadh sí é.

"Pósfaidh mé tú."

"Bpósfaidh tú mé seachtain ó inniu?"

"Dhéanfaidh, dhéanfaidh."

"Bhuel, gheo' tú lán (an) stocaí d'ór má phósann tú mé." Bhuel, chuaigh siad ansin... "Má phósann tú mé seachtain ó inniu."

"Pósfaidh mé am ar bith thú mur mbeadh ór ar bith a'd[6]."

"Bhfuil binn a'd orm?"

"Tá mé tuitim as mo chuid éadaigh dhuid."

Rinn siad suas ansin go bpósfaí iad. Bhuel... seachtain ó inniu... Bhuel... I'm not too... Rinn siad suas ansin...

"Pósfaidh mé thú mur mbeadh ór ar bith a'd."

Bhuel... I forgot...

Footnotes

= suirí. Cf. Gerard Stockman and Heinrich Wagner, 'Contributions to a study of Tyrone Irish,' Lochlann 3 (1965), 43-235: 133. (Back)
= aon. (Back)
= déanfaidh. (Back)
= i(n). Cf. 'anna' in Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 658; 'ine' in Seosamh Laoide, Sgéalaidhe Óirghiall (Dublin, 1905), 139. (Back)
= braon. Cf. braom ar LA_1252d1 (Fánaid). (Back)
Cf. Stockman and Wagner, op. cit., 210. (Back)

Note

There are a number of international folktales relating to theft, which regularly include deception or elaborate trickery as part of the plot. For example, ATU 1525 The master thief is one such tale, as is the miscellaneous variant, ATU 1525Z Other tales of thefts. See Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 vols, Helsinki, 2004). The current story may be related to these folktales, given that ATU 1525 is one of the most popular narratives in Irish tradition, with a great many examples coming from all over the country. See Seán Ó Súilleabháin and Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968). This example may employ a number of international motifs, such as K311.16 Thief disguised as girl, K1836 Disguise of man in woman’s dress, and K1321.3 Man disguised as woman courted (married) by another man. See Stith Thompson, Motif-index of folk literature (rev. and enlarged ed., 6 vols, Bloomington, Ind., 1955-8).

This story is transcribed also in Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 vols, Dublin, 1958-69), vol. 4, 291, and in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Belfast, 2010), 234-7.