An bheirt a bhí thall in Albain - Pádraig Mac Conaglaigh
Recording: [Download MP3 (of processed ‘user’ version)]
[Download AIFF (of processed ‘user’ version)]
[Download AIFF (of archive version)]
This audio player requires Flash. Please click here to download Flash to your computer if the player is not visible.
Title in English: The two men who were over in Scotland
Digital version published by: Doegen Records Web Project, Royal Irish Academy
Description of the Recording:
Speaker:
Pádraig
Mac Conaglaigh from Co.
Donegal
Person who made the recording:
Karl Tempel
Organizer and administrator of the recording scheme: The Royal Irish Academy
In collaboration with: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (now Lautarchiv,
Humboldt-Universität zu Berlin)
Recorded on 02-10-1931 at 12:30:00 in
Courthouse, Letterkenny. Recorded on 02-10-1931 at 12:30:00 in
Courthouse, Letterkenny.
Archive recording (ID LA_1252d1, from a shellac disk stored at the
Royal Irish Academy) is 02:46 minutes
long. Archive recording (ID LA_1252d1, from a shellac disk stored at the
Royal Irish Academy) is 02:46 minutes
long.
Second archive recording (ID LA_1252b1, from a shellac disc stored in
Belfast) is 02:46 minutes long. Second archive recording (ID LA_1252b1, from a shellac disc stored in
Belfast) is 02:46 minutes long.
User recording (ID LA_1252d1, from a shellac disk stored at the Royal
Irish Academy) is 02:45 minutes long. User recording (ID LA_1252d1, from a shellac disk stored at the Royal
Irish Academy) is 02:45 minutes long.
Transcript
Bhí beirt a'n[1] am amháin in Albain agus bhí siad ag stopadh anna[2] dteach amháin. Ach, bhí cailíní óga ag stopadh insa teach fosta. Bhí fear acu a rabh Seán air agus an fear eile a rabh Donnchadh air. Ach bhí Seán, bhí sé lán (eaglaí).
D'imigh sé a'n oíche amháin agus bhain sé amach cuid brístí bána Dhonnchaidh as a chuid dráir agus thug sé leis agus chuir sé isteach péire brístí bán - péire brístí de chuid na ngiorsachaí. Bhí Seán, bhí sé, cha rabh sé ag goil a dh'obair an lá harna mhárach agus bhí Donnchadh ag goil a dh'obair. Ach nuair a d'éirigh Donnchadh agus tharaing sé air na brístí bána ar maidin, "Óch," a deir sé, "óch, (a) Sheáin," a deir sé, "an bhfuil tú i do chodladh?"
"Chan fhuil," a deir sé, "goidé tá ort?"
"Ó, a Dhia," arsa mise, "tá mé (...)."
"Goidé a tháinig ort, a Sheáin?"
"Ó," a deir sé, deir Seán. "Goidé a tháinig ort, a Dhonnchaidh?"
"Ó," a deir sé, "chan fhuil a fhios agam. Cha dtig mo chuid brístí bána," a deir sé, "fá leath (...) inniu, agus aréir rachadh siad (thairis sin) agus (thiocfadh liom) (...) a chur iontu."
D'éirigh Seán agus d'amharc sé air.
"Bhuel, a Dhonnchaidh," a deir sé, "tá drochéirí ort. Ach san am céanna gabh isteach a luí," a deir sé. "A Dhonnchaidh, an bhfuil an leithphínn airgid agad?"
"Tá dhá phíosa dhá scilling ins an phóca mo bhríste ar chionn na leapa."
Agus, "Bhal," a deir sé, "gabh isteach a luí agus rachaidh mise agus gheo' mé braom[3] de uisce bheatha mhaith duid," a deir sé.
Agus, "Ó, a (cheann) Sheáin," a deir sé, "(...) fá choinne an doctúir (tú)."
"Ó, anois," a deir sé, "ná bí' eagla ort. Níl ort ach tocht fuaicht," a deir sé, "agus chonai' mise (creaití) den tseort sin roimhe. Gheo' tú biseach anois," a deir sé. "Gabh a luí," a deir sé. "Má chuireann tú bla(...)," a deir sé, "agus choil[4] (a) codladh is (...) go bhfaighidh tú biseach."
Ach fuaigh Seán amach agus thug sé isteach leathphionta uisce bheatha agus thug sé leath (...) do Dhonnchadh agus d'ól sé féin an leathchuid eile de.
"Ach anois," a deir sé, "ná corraigh as faoin éadach," a deir sé, "go meán lae agus tiocfaidh mise go bhfeice[5] mé goidé mar a bheas tú."
Tháinig Seán insa mheán lae 'uig Donnchadh agus d'fhiafraigh sé dó, "(A) Dhonnchaidh, goidé mar a mhoithigh[6] tú?"
"Ó, a Dhia," a deir sé, "níl a fhios agam. Tabhair 'ugam mo bhrístí bána," a deir sé, "go bhfeicí mé."
Thug Seán 'uige na brístí bána agus tharraing sé air na brístí bána, "Ó, a Dhia, (...)" a deir sé, "(ag déanamh gáire), tá mé (...) mé ariamh," a deir sé, "ag na brístí bána," a deir sé. "Ó, a Thiarna," a deir sé, "(...) orm aréir iad," a deir sé. "A Dhia," a deir sé... "A Dhia," a deir sé, "Beidh mé (...)."
"Gabh amach agus tabhair isteach leathphionta eile."
"Ó anois, a Dhonnchaidh, (b'fhéidir go bhfuil go leor déanta againn.")
"Chan fhuil," a deir sé. "Cha rachadh dhá cheithre scilling i bhfad ormsa dá (mbeadh) agam leis an doctúir," a deir sé, "agus ólfaidh muid," a deir sé, "an t-airgead," a deir sé, "agus is fearr dhúinn sin a dhéanamh ná é a thabhairt don doctúir."
Footnotes
= aon. (Back)= i(n). Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 658. (Back)
= braon. Cf. braon/braom in E. Evans, 'A vocabulary of the dialects of Fanad and Glenvar, county Donegal', Zeitschrift für Celtische Philologie 32 (1972), 167-285, s.v. braon. Cf. 'An fear a bhí ina chónaí fá mhíle de Bhaile Átha Cliath (cuid 1)' (Doegen collection, Tyrone). (Back)
= ghoil/dhul. Cf. Hughes, op. cit., 653. (Back)
Leg. bhfeicí? Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (Dublin, 1996), 48. (Back)
= mhothaigh. (Back)
