An t-ógánach mór - Nóra Nic Conaglaigh

Recording: [Download MP3 (of processed ‘user’ version)] [Download AIFF (of processed ‘user’ version)] [Download AIFF (of archive version)]

This audio player requires Flash. Please click here to download Flash to your computer if the player is not visible.

Title in English: The big youth
Digital version published by: Doegen Records Web Project, Royal Irish Academy

Description of the Recording:

Speaker: Nóra Nic Conaglaigh from Co. Donegal
Person who made the recording: Karl Tempel
Organizer and administrator of the recording scheme: The Royal Irish Academy
In collaboration with: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (now Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Recorded on 02-10-1931 at 15:30:00 in Courthouse, Letterkenny. Recorded on 02-10-1931 at 15:30:00 in Courthouse, Letterkenny.
Archive recording (ID LA_1254d1, from a shellac disk stored at the Royal Irish Academy) is 03:40 minutes long. Archive recording (ID LA_1254d1, from a shellac disk stored at the Royal Irish Academy) is 03:40 minutes long.
Second archive recording (ID LA_1254b1, from a shellac disc stored in Belfast) is 03:40 minutes long. Second archive recording (ID LA_1254b1, from a shellac disc stored in Belfast) is 03:40 minutes long.
User recording (ID LA_1254d1, from a shellac disk stored at the Royal Irish Academy) is 03:39 minutes long. User recording (ID LA_1254d1, from a shellac disk stored at the Royal Irish Academy) is 03:39 minutes long.

Transcript

A'n[1] am amháin dá dteachaigh... A'n am amháin dá dteachaigh an t-ógánach mór amach a sheilg go Dún Deilge agus go Gleann na Smól, go Trí Lóchrann na gCeolta Caoin', é féin agus a bheanshuigh siad síos a dhéanamh scíste. Charbh fhada dófa nó go dtáinig 'ucu (scoileánach) óg agus bhí sé armáilte mar ba chóir. Bhí lann géar mín leis ar a thaobh deas. Bhí dhá shleagh leis agus bhí scion[2] ina dhorna. Agus bhí leis corn a ba chosúil é le corn a mbeadh ann deoch.

"Go mbeann(aíthear) duid," arsa seisean.

"Go mbeann(aíthear) duid, a ógánaigh mhóir, duid féin agus do do bhean. Bí go subhach agus ól deoch."

"Ó, ná hól deoch agus ná caith bia," arsa an bhean óg, "go mbeidh a fhios a'd goidé an gleann a rabh tú ann aroimhe ariamh."

"Dar an láimh atá ort," arsa an t-ógánach mór, "ólfaidh mé deoch agus caithfidh mé bia agus is maith liom é cibé hé."

Is an deoch sin (a) d'ól sé ba searbh i ndéidh a hól. An dá chois ó na glúine síos gur sciob sí den ógánach mhór. Ansin scread an fhaoileann óg agus tharraing sí go cruaidh a folt.

"Ó, a ógánaigh mhóir, tá tú gan chois agus níl do charaid insa Dún Mhór."

"Ó, éist, a bhean óg, agus fuiling tart. Cha bhíonn mo chos insa tír ná gheo' mise mo dhá chois ar ais."

Ach charbh fhada dófa ná go bhfaca siad ag teacht 'ucu fia. Fia... dhá... cú agus dhá choin agus Gruagach Dhún an Óir ar an tóir ina ndéidh. D'éirigh an t-ógánach mór suas agus bheir sé ar an fhia bairr.

"Tabhair domhsa an fia bairr," arsa an Gruagach Óir.

"Ó, dar an láimh atá ort," a deir an t-ógánach mór, "is mé féin a rinn an tseilg."

"Tabhair domhsa an fia bairr agus bhéarfaidh mé bia agus deoch duid féin agus do do bhean i leith do lae."

"Ó," labhair an bhean óg, "Ó, a ógánaigh mhóir tabhair an fia bairr dó."

"Ó, bhéarfainn agus Éire bhreac (nó) dá n-iarróchá thusa ní ba mhó."

D'éirigh an t-ógánach mór suas agus chaith sé ar a mhuin fia, crann, agus sciath agus a bhean. Ba luaithe an t-ógánach mór ar a dhá ghlúin ná ochtar ar lúth na gcos. Charbh fhada dófa go dteach-... go bhfaca siad lena dtaobh cathaoir dheas ar dhath an óir. Cha rabh dadaí dá bhfacaidh súil ariamh nach rabh sa chathaoir sin mar ba chóir.

"Anois, a ógánaigh mhóir tá mise amárach ag goil amach a sheilg go Dún Deilge agus go Gleann na Smól, is a bhráthair a ghráidhe, fágaim coimheád mo mhná ortsa agus a cuid óir."

Ach shuigh an t-ógánach mór insa doras. Char lúb gabha, saor ná ceárta hinge ar comhlaidh ba daingne ná an t-ógánach mór.

"Tar a fhaoileann óg agus suigh faoi mo chionn. Tá an codladh do mo shuan agus níl an Gruagach uair sa ghleann."

Tháinig an bhean óg agus shuigh sí faoina chionn. Tháinig an (scoileánach) óg isteach agus thug sé póg don mhnaoi óig. Bhuail sise cic ar an ógánach mhór.

"A ógánaigh mhóir, rinn tú suan agus níl an Gruagach uair sa ghleann. Ó, dá bhfaighinnse liom mo shuan mar ba chóir, duine cha dtiocfadh insa ród isteach ná go háirid sa ród amach. Dar an láimh atá ort a ógánaigh óig, díolfaidh tú póg a mhná."

"Ó, ná déana[3] sin orm," arsa seisean, "a ógánaigh mhóir, an chos a fuair mé amuigh go gcuirfidh mé fúd mar bhí 'e ghnách. Is anois nach ligfidh tú mé sa ród amach?"

"Ó, amach cha dtéid tú sa ród. Amach cha dtéid tú insa ród ná go dtaraí[4] Gruagach Dhún an Óir isteach ná go (n)díolfaidh tú póg a mhná."

"Ó, lig mé insa ród amach agus an chos a fuair mé amuigh go gcuirfidh mé fúd mar a bhí 'e ghnách."

Shíob sé an chos faoi.

"Anois, a ógánaigh mhóir, an ligfidh tú mé sa ród amach?"

"Amach cha dtéid tú nó ' gcuirfidh tú an chos eile fúm greim cruaidh nó do cheann."

Shíob sé an chos eile faoi.

"Anois, an ligfidh tú mé sa ród amach?"

"Ó, amach cha dtéid tú insa ród go dtaraí Gruagach Dhún an Óir isteach nó sarmar[5] dtaraí Gruagach Dhún an Óir isteach díolfaidh tú póg a mhná."

D'éirigh sé suas lena ghualainn. Sheasaigh sé seacht (cinn) buille dona cheann. Bhuail sé an corraí go teann agus bhain sé an ceann de gan bhéim.

Footnotes

= aon. (Back)
= scian. (Back)
= déan. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 652-3. (Back)
= dtaga/dtige. Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (Dublin, 1996), 49. (Back)
= sula. Cf. E. Evans, 'A vocabulary of the dialects of Fanad and Glenvar, Co. Donegal', Zeitschrift für Celtische Philologie 32 (1972), 167-285, s.v. sular, sulma, sulmar, surmar. (Back)

Note

This appears to be a version of a tale known as Eachtra an amadáin mhóir, a story which is usually considered to be part of the Fenian canon, although Fenian characters are rarely mentioned in the narrative. The story was popular in Ireland and Gaelic Scotland, and a number of versions survive, in both prose and verse form, with a few dating to the eighteenth century. Some of these versions, particularly those in the form of lay poetry, have comical elements, while prose renderings tend to be more serious. See Gordon Mac Gill-Fhinnein, 'Eachtra an amadáin mhóir', Eighteenth-Century Ireland 4 (1989), 79-81. Some authors believe the story may be connected to the Arthurian romance concerning Sir Percival and the Fisher King, which shares a number of motifs. See L. Muehlhausen, 'Neue Beiträge zum Perceval-Thema', Zeitschrift für Celtische Philologie 27 (1927), 1–30, and Sheila Joyce McHugh, 'The lay of the big fool', Modern Philology 42:4 (1945), 197-211. Other published versions of the tale include Alexander Cameron (ed.), Reliquiae Celtique (Inverness, 1892), 289–94, and Jeremiah Curtin, Hero tales of Ireland (Boston, 1894), 140-62. See also James McKillop, A dictionary of Celtic mythology (Oxford, 2004), 146.