An bunán buí - Nellie McConnell

Taifeadadh: [Íoslódáil MP3 (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil AIFF (den leagan cartlainne)]

Tá Flash de dhíth ar an seinnteoir fuaime seo. Cliceáil anseo chun Flash a íoslódáil chuig do ríomhaire mura bhfuil an seinnteoir le feiceáil.

Teideal i mBéarla: The yellow bittern
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Nellie McConnell as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 03-10-1931 ag 12:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 03-10-1931 ag 12:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1260d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:56 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1260d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:56 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1260b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:56 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1260b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:56 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1260d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:55 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1260d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:55 nóiméad ar fad.

Tras-scríbhinn

Ó, is a bhuinneáin bhuí, sé mo léan do luí,
Is do chnámha sínte ar an leac (faoi loinn),
Ní díobháil bídh, ó, ná dh'easbhaidh dí,
Órú, a d'fhág tú sínte ar chúl do chinn.
Dá gcuirfeá scéala fá mo dhéin bheinn féin (ag rith id) chomhair,
Go mbrisfinn béim ar an loch faoi chéim,
Órú, a fhliuchfadh do chroí is do bhéilín binn.

Agus tá mo chos leontaí agus m'intinn buarthaí
Agus d'fhan ag an óigbhean (...),
Nuair a d'iarr mise póg uirthi uair ná dhó
Leis an tsláinte mhór a thabhairt ar aghaidh,
Mo chailín óg, mo mhíle brón, gan mé (óg is mé póstaí ort),
Órú, níl go fóill 's ní bheidh go deo,
Is a mhuirnín óg, mo bheannacht leat.

Ó, is ní iad mur gcuid éanlaith atá mé ag (fiafraí),
An chuach ná an (chraon) ná an chorra ghlas,
Ach an buinneán féin (atá ar talamh féarach),
Is gur dheise liom é nach a dhlúth ná a dhath.
Bhí siad ag síor-ól na dí,
Is deir siad go mbím ar an nós sin seal,
Níl braon dá bhfaighinn nach ligfinn síos
Ar faitíos go bhfaighinnse bás den tart.

Nóta

Cathal Buí Mac Giolla Ghunna (c.1680-1756), file as deisceart chúige Uladh, a chum an t-amhrán seo. Luaitear go minic é i mbéaloideas chúige Uladh agus tá an cháil air gur roghnaigh sé saol suilt agus dearóile tar éis gur thraenáil sé le bheith ina shagart. Bhailigh Patrick Higgins leagan den amhrán in 1845 agus dúirt go raibh sé 'composed by a drunken poet some years back in the county of Fermanagh, called Charles Gun who, on walking out of a frosty day near Lough MacNean, met a dead bittern on the ice and composed this song for the dead bird as the bittern is always fond of drink, and so was he' (Journal of the Irish Folk Song Society 20 (1967), 47). D'fhoilsigh Edward Bunting an fonn 'The Yellow Bittern' in The ancient music of Ireland (BÁC, 1840), 56. Tá aithne fhorleathan ar an amhrán ar fud na hÉireann i nGaeilge agus i leaganacha Béarla. Chum an réabhlóidí Thomas McDonagh (1878-1916), aistriúchán a raibh tóir ar leith air. Le haghaidh tuilleadh eolais faoin bhfile agus faoin amhrán féach: Breandán Ó Buachalla, Cathal Buí: amhráin (BÁC, 1975); Liam Mac Con Iomaire, Seosamh Ó hÉanaí: nár fhágha mé bás choíche (Indreabhán, 2007); agus Pádraigín Ní Uallacháin, A hidden Ulster: people, songs and traditions of Oriel (BÁC, 2003).