An ceannaí snáithe - Phil Mac Giolla Cheara

Taifeadadh: [Íoslódáil MP3 (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil AIFF (den leagan cartlainne)]

Tá Flash de dhíth ar an seinnteoir fuaime seo. Cliceáil anseo chun Flash a íoslódáil chuig do ríomhaire mura bhfuil an seinnteoir le feiceáil.

Teideal i mBéarla: The thread-merchant
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Phil Mac Giolla Cheara as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 03-10-1931 ag 16:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 03-10-1931 ag 16:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1265d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:46 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1265d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:46 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1265b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:46 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1265b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:46 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1265d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:44 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1265d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:44 nóiméad ar fad.

Tras-scríbhinn

Bhí ceannaí mór snáithe ann agus chuaigh sé ag ceannach snáithe 'na[1] mhargaidh agus tháinig fear roimhe leis[2] agus mharbh sé é. Agus trí oíche ina dhéidh sin chuaigh sé 'na reilic achan oíche de thrí oíche ag éisteacht goidé a chluinfeadh sé agus bheadh (...) d'éirigh sé aníos agus ní... agus ní bheadh (aon) ins an uaigh.

"Íocfaidh! Íocfaidh!" arsa an duine sin.

"Cé íocfas?" arsa seisean, "(...) oíche?"

"Ó, dá bhfeicfinn i do dhéidh," ar seisean, "bhí mise (beag) (...) (níl a fhios a'm an bhfeicfinn i mo dhéidh móráilte nár úirt seisean) pósadh é."

Bhuel, bhí sin maith go leor. Ghlac sé farm[3] tamall agus bhuildáil sé toigh sclátaí air agus pósadh a mhac agus chuir sé stoc ar an fharm. Agus tháinig sagart[4] a'n[5] oíche amháin thart. "(...) don oíche anocht," (ar sé féin) leis an tsean-nduine[6]

"Bhéarfaidh," arsa an sean-nduine, arsa seisean, "cé acu goidé rud é."

Thoisigh an sean-nduine is d'ins sé an comhrá. Dúirt sé leo goidé a rinn sé gur mharbh sé an fear agus gur rann sé cuid mhaith airgead ar na bochtú[7] agus gur (bhuildeáil) sé toigh agus hachan seort. D'éirigh an sagart amach agus d'fhág sé. Is fuaigh sé isteach go toigh eile a bhí ann insa chomharsain. Agus d'fhan sé an oíche sin ann.

Ar maidin lá harna mhárach ar seisean le bean an toighe, "An rabh tú amuigh?"

"Cha rabh," arsa sise, "tá mé ag goil amach."

Chuaigh sí amach.

"Bhfaca tú iontas ar bith de shamhail an oíche aréir?"

"Chonaic mé[8]," ar sise. "Tá (a leithéidí) ansiod (dhá shuí ar tine) lá (...) a bhí ann is tá gleam ag reáchtáil anuas fríd an toigh agus tá an t-iomlán (sínithe ar a chúla)," arsa sise, "agus char chuir sé a'n ndeor[9] (an oíche sin)."

Sin end acu anois.

Fonótaí

= chun an. (Back)
= roimhe. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 658. (Back)
= feirm. (Back)
Leg. saigheart? Cf. Emrys Evans, 'The Irish dialect of Urris, Inishowen, Co. Donegal', Lochlann 4 (1969), 1-130: 119. (Back)
= aon. (Back)
Cf. Dónall Ó Baoill, An Teanga Bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 148: sean’uine 'old man'; seanduine 'old person'. (Back)
= bochtaibh. Cf. Mícheál Ó Mainnín, '"Goidé mar 's tá na fearaibh?": gnéithe de leathnú agus de fhuaimniú fhoirceann an tabharthaigh iolra sa Nua-Ghaeilge', Celtica 25 (2007), 195-224. (Back)
Leg. mi? Cf. Evans, op. cit., Lochlann 4 (1969), 1-130: 112. (Back)
= aon deor. (Back)

Nóta

Tá an scéal beagán doiléir sa sampla seo, ach b'fhéidir go bhfuil gaol aige le finscéalta nó scéalta béaloidis mar gheall ar sprideanna a thagann ar ais ó na mairbh chun pionós a chur ar dhaoine beo, móitíf a fhaigtear sa bhéaloideas go hidirnáisiúnta. D'fhéadfadh sé gur imir móitífeanna idirnáisiúnta béaloidis mar E230 Return from dead to inflict punishment, E231.5 Ghost returns to murderer: causes him to confess, nó E234.3 Return from dead to avenge murder, mar shampla, tionchar ar an scéal seo. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8). Ní rud nua i dtraidisiún na hÉireann é sprid ag baint díoltais amach, agus faightear é i mBeatha Sheanáin de chuid na meánaoiseanna. Féach Charles Plummer, 'The miracles of St Senan', Zeitschrift für Celtische Philologie 10 (1915), 1-35: 11. Faightear leis é sa scéal Aided Maelodráin mic Dimma Chróin. Féach Kuno Meyer (ed.), Hibernica minora (Oxford, 1894), 81.