An crooked-legged gentleman - Phil Mac Giolla Cheara

Taifeadadh: [Íoslódáil MP3 (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil AIFF (den leagan cartlainne)]

Tá Flash de dhíth ar an seinnteoir fuaime seo. Cliceáil anseo chun Flash a íoslódáil chuig do ríomhaire mura bhfuil an seinnteoir le feiceáil.

Teideal i mBéarla: The crooked-legged gentleman
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Phil Mac Giolla Cheara as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 03-10-1931 ag 16:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 03-10-1931 ag 16:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1266d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:54 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1266d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:54 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1266b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:54 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1266b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:54 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1266d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:52 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1266d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:52 nóiméad ar fad.

Tras-scríbhinn

Bhuel, bhí fear ann agus bhí a athair le bás. Agus chuir an t-athair d'fhiachadh a ghoil thart, trí huaire fá ard glas a bhí thuas os cionn an toighe. Agus chuaigh sé thart an chéad uair sin, chuaigh sé thart (...).

"Ag geamáil ar na cárdaí.", arsa seisean. "Ag geamáil ar na cárdaí?"

"Beidh," arsa seisean.

Thoisigh sé... Chuir sé... chuir an Crooked-legged gentleman, chuir sé an geám[1] air. Chuaigh sé ar lá 'e na laetha amach ar aist[2] agus chuaigh sé thart fán ard agus bhí geám eile acu.

Ar seisean, "Nach b'fhearr domh stop a imirt chárdaí," arsa seisean leis, "ná cuirfidh sé seo (...) ar deireadh."

Char fhan sé ar chor ar bith. Chuaigh sé an tríthú lá amach agus chuir an fear eile geám ar an Chrooked-legged gentleman.

"Anois," arsa seisean, "bhéarfaidh tú an Sword of Life and the Life of Man ionsormsa. Bhéarfaidh mé lá agus bliain duid é a thabhairt ar ais," (ar sé).

Agus tháinig sé chun toighe agus shuigh sé ar chathaoir. Agus bhris sé trí ráilí insa chathaoir leis an osna a lig sé as na[3] chuala sé go gcaithfeadh sé a ghoil a dh'iarraidh an Sword of Life agus the Life of Man.

"Anois," ar sé, "sin mo mhuintirsa," arsa seisean. "Agus má fhaghann sé an Sword of Life is an Life of Man" arsa an bhean, "sin mo mhuintirsa a bhfuil sin aige. Má fhaghann sé sin tiocfaidh sé agus muirfidh[4] sé... muirfidh sé thusa leis an Sword of Life agus muirfidh sé mo mhuintirsa fosta."

D'imigh sé ansin is d'fhan sé go rabh an... feadh ceithre lá den aimsir a bhí suas. D'imigh sé ansin is bhí beathach lúthmhar aige. Chuir sé a mharcaíocht ar an bheathach agus thiomáin sé leis go rabh sé ansin. Na chuaigh sé isteach a fhad leis an gheafta a bhí ann scairt sé an Sword of Life agus an Life of Man a thabhairt amach ionsair. Dúirt siad go dtabharfadh. Chonaic siad an claíomh ar an bheathach agus chaith siad píosa den earball de. (Char lig sé) síos an beathach ar chor ar bith (ar an léim.)

An darna lá, thug muintir na (...) beathach dó a bhí nas[5] lúthmhaire ná é. Agus chuaigh sé isteach agus thug sé iarraidh air le scairt ar an Sword of Life agus an Life of a Man agus chaith siad an t-earball - iomlán an earbaill - den bheathach. Agus an... ar an tríthú lá fuaigh sé isteach agus fuair sé an Sword of Life agus an Life of Man le tabhairt 'na bhaile (...). Thug sé 'na bhaile é.

"Anois," arsa siadsan, "an bhfuil a fhios a'd goidé a dhéanfas tú?"

"Goidé?"

"Iarr an claíomh sin eile. Na bhéarfas tú dó é abair nach bhfaca tú ariamh an scríbhneoireacht sin atá ar an chos atá aige. Más fada a shiúlann tú agus é a thabhairt duid más é a thoil é."

Chuaigh sé ar a dhá ghlúin is d'iarr sé (...) orthu an claíomh sin a thabhairt dó go bhfeicfeadh sé é. Fuair sé... Dúirt siad go dtabharfadh. (Comh luath is) a fuair sé an claíomh chaith sé an ceann den fhear seo.

Agus sin end of it anois.

Fonótaí

= game Cf. E. Evans, 'A vocabulary of the dialects of Fanad and Glenvar, Co. Donegal', Zeitschrift für Celtische Philologie 32 (1972), 167-285, s.v. geám. (Back)
= ar ais. Cf. Séamus Ó Searcaigh, Foghraidheacht Ghaedhilge an Tuaiscirt (Béal Feirste, 1925), §§ 188, 240-1. (Back)
= nuair a. Cf. Heinrich Wagner, Linguistic atlas and survey of Irish dialects, (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 294, téacs 5, n. 1. (Back)
= marbhfaidh/maróidh. Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 144. (Back)
= níos. Cf. Ó Baoill, op. cit., 146. (Back)

Nóta

Is cosúil gurb éard atá anseo ná leagan de scéal béaloidis a fhaightear in Éirinn den chuid is mó, agus a dtugtar The quest for the sword of light mar ainm air ar uairibh. Níl trácht air in Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968), agus is cosúil nach bhfuil sé in Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004) ach an oiread. Mar sin féin, tugadh a uimhir catalóige féin, 305A, dó in Catalogue of French folktales in North America. Féach Luc Lacourcière, 'The analytical catalogue of French folktales in North America', Laurentian University Review 8:2 (1976), 123-8. Is cosúil go bhfuil na leaganacha Meiriceánacha seo bunaithe ar leaganacha níos luaithe sa Fhraincis, agus go raibh na leaganacha Fraincise seo bunaithe ar shamplaí i nGaeilge na hÉireann agus na hAlban. Féach Richard Mercer Dorson, Folktales around the world (Chicago, 1975), 456. Tugann formhór na fianaise le tuiscint, mar sin, gur leagan é seo de scéal béaloidis a tháinig as Éirinn ó bhunús. Is cosúil go bhfuil an scéal coitianta go maith sa tír seo, san iarthar go háirithe. Tá cur síos iomlán ar na leaganacha Éireannacha den scéal in Edmund Curtis, 'Mac Rí Chruacháin', Béaloideas 2:1 (1929), 35-46. Ar na móitífeanna a fhaightear sa scéal, tá H942 Tasks assigned as payment of gambling loss, M1219.1 Quest assigned as payment for gambling loss agus H1337 Quest for sword of light.

Tá tras-scríobh ar an scéal leis in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 178-82. Ar na leaganacha eile i gcló, tá Tomás Ó Ceoinín, 'Gruagach Locha Fuair', Béaloideas 4:3 (1934), 321-30: 330; Tomás Ó Cillín, 'Fios bhás an an-sgealaidhe agus an claidheamh solais', Béaloideas 4:2 (1933), 155-63, agus Domhnall Ó Ceocháin, 'An claidheamh soluis agus fios-fátha-'n-aoin-scéil', Béaloideas 3:3 (1928), 276-82.