Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen
Tionscadal de chuid Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann
Tá bailiúchán tábhachtach de thaifeadtaí luatha de scéalta, amhráin agus ábhar eile sa chartlann dhigiteach seo de thaifeadtaí Gaeilge a rinneadh sna blianta 1928-31. Chomh maith le hábhar ó na ceantair Ghaeltachta, tá ábhar anseo ó réigiúin den tír a bhfuil na canúintí traidisiúnta Gaeilge imithe i léig ar fad iontu ón am a rinneadh na taifeadtaí.
EOLAS FAOIN TIONSCADAL
Tionscadal de chuid Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann i gcomhar le Faireachlann na nDaonnachtaí Digiteacha (DHO) is ea an chartlann dhigiteach seo. Tá an tionscadal á mhaoiniú ag an Údarás um Ard-Oideachas (an Clár um Thaighde in Institiúidí Tríú Leibhéal, Sraith 4). Is é atá sa chartlann ná leaganacha digiteacha de thaifeadtaí a rinneadh ar dtús ar cheirníní seileaic sa tréimhse 1928-31. Déanfar leaganacha trascríofa agus aistriúcháin, eolas faoi na daoine a taifeadadh, agus ábhar iomchuí eile a chur ar fáil de réir a chéile.
STAIR AN TIONSCADAIL
Sa bhliain 1926 rinne Rialtas na hÉireann cinneadh go n-iarrfaí ar an Dr Wilhelm Doegen, Stiúrthóir an Lautabteilung, Preussische Staatsbibliothek (an Rannóg Fuaime, Státleabharlann na Prúise), Beirlín, taifeadtaí a dhéanamh de chainteoirí Gaeilge ón nGaeltacht agus ó cheantair eile den tír a raibh cainteoirí dúchais Gaeilge fós le fáil iontu. D’iarr an Roinn Oideachais ar Acadamh Ríoga na hÉireann an scéim a eagrú agus chuaigh Coiste Léann na Gaeilge san Acadamh i mbun na hoibre. Roghnaíodh cainteoirí oiriúnacha agus rinneadh na socruithe cuí chun go bhféadfaí iad a thaifeadadh.
Tháinig an Dr Doegen go hÉirinn in éineacht lena chúntóir, Karl Tempel, i mí Mheán Fómhair 1928. Chaith an bheirt fhear coicís i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, ag taifeadadh cainteoirí ó chontaetha Phort Láirge agus Thiobraid Árann agus ó oirthear Chorcaí. Chaith siad an tseachtain dar gcionn i gClochar na Trócaire, Cill Airne, ag taifeadadh cainteoirí ó Chiarraí agus ó iarthar Chorcaí. Is é an tUasal Tempel a rinne an taifeadadh sna cúigí eile nuair a d’fhill sé i 1930 agus i 1931. Reachtáladh na seisiúin taifeadta seo i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh anois) i mí Mheán Fómhair 1930 (cainteoirí as Gaillimh, Maigh Eo, an Clár, Sligeach, Ros Comáin agus Liatroim), in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, i mí Mheán Fómhair 1931 (cainteoirí as Aontroim, Doire, oirthear Thír Eoghain, Ard Mhacha, an Cabhán agus Lú) agus, ar deireadh, i dTeach na Cúirte i Leitir Ceanainn i mí Dheireadh Fómhair 1931 (cainteoirí as Dún na nGall agus iarthar Thír Eoghain).
Faoi dheireadh na scéime bhí 216 maitrís chéarach déanta. Briseadh ceithre cinn acu seo, áfach, nuair a bhí siad á dtabhairt go Beirlín agus, mar sin, tá 212 ceirnín seileaic sa bhailiúchán. Nuair a táirgeadh na ceirníní cuireadh sraith iomlán den chnuasach i dtaisce in Acadamh Ríoga na hÉireann. Rinneadh sraith iomlán eile a roinnt de réir cúige idir Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, agus Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Coimeádadh sraith iomlán i mBeirlín freisin.
I lár na 1990í aistríodh taifeadtaí chúige Uladh (ceirníní an Acadaimh agus ceirníní Ollscoil na Ríona) go dlúthdhiosca faoi scéim a mhaoinigh Ollscoil na Ríona. I 1999 shocraigh Leabharlann an Acadaimh go n-aistreofaí taifeadtaí na Mumhan agus Chonnacht go dlúthdhiosca freisin. Le cúnamh deontais ón gComhairle Oidhreachta, choimisiúnaigh Leabharlann an Acadaimh an tUasal Ted Kendall, Gladestry, Herefordshire, a bhí tar éis ceirníní chúige Uladh a dhigitiú, chun na taifeadtaí ón dá chúige eile a aistriú chomh maith.
Sular cuireadh na ceirníní go Sasana seiceáladh iad agus tugadh faoi deara go raibh sraith chúige Chonnacht easnamhach. Tháinig Roinn na Sean-Ghaeilge agus Leabharlann James Hardiman in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i gcabhair ar an Acadamh agus cuireadh na ceirníní Connachtacha go léir a bhí in OÉG ar fáil don Acadamh. Dá bharr sin, bhí an tUasal Kendall in ann ceirníní na Gaillimhe a úsáid aon áit a raibh bearna i sraith an Acadaimh. Ní hamháin sin, ach bhíothas in ann ceirníní na Gaillimhe a úsáid in áiteanna a raibh caighdeán níos fearr fuaime le fáil orthu. Rinneadh cóipeanna cartlainne de na fuaimrianta loma ar dhlúthcheirníní órga do Leabharlann an Acadaimh agus, chomh maith leis sin, táirgeadh roinnt sraitheanna de chóipeanna ar a raibh an fhuaim próiseáilte le húsáid ó lá go lá san Acadamh agus le dáileadh ar ollscoileanna agus eagrais eile.
Sa bhliain 2007, mar chuid den chuibhreannas Humanities Serving Irish Society (HSIS), bronnadh maoiniú ar an Acadamh faoi shraith 4 den Chlár um Thaighde in Institiúidí Tríú Leibhéal (PRTLI) chun go bhfoilseofaí bailiúchán iomlán Doegen ar an nGréasán. Chuathas i mbun oibre ar an tionscadal seo in 2008. Is í Siobhán Fitzpatrick, Leabharlannaí an Acadaimh, bainisteoir an tionscadail; is é Eoghan Ó Raghallaigh an taighdeoir iardhochtúireachta; agus is é an tOllamh Ruairí Ó hUiginn, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, an príomhchomhpháirtí acadúil. Táthar ag obair i gcomhpháirtíocht dhlúth le Faireachlann na nDaonnachtaí Digiteacha (DHO).
EOLAS FAOIN ÁBHAR
Tá 400 fuaimrian ar fad ar an 212 ceirnín atá sa bhailiúchán. Orthu seo tá scéalta béaloidis, leaganacha de pharabal an Mhic Dhrabhlásaigh, amhráin (á gcanadh agus á reic), paidreacha agus ábhar eile ar nós uimhreacha nó laethanta na seachtaine á rá. Ina theannta sin, tá rian amháin sa bhailiúchán as Béarla: taifeadadh a rinne Liam T. Mac Cosgair, a bhí i gceannas ar an rialtas a chuir tús le scéim Doegen sa bhliain 1926. Is é atá ar an rian seo ná óráid ghearr a thaifead sé le linn do na cainteoirí as oirthear na Mumhan a bheith á dtaifeadadh i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, i 1928.
Chomh maith leis an ábhar fuaime, tá eolas tábhachtach ar fáil maidir leis na cainteoirí. Ag gach seisiún taifeadta líonadh ceistneoir a sholáthair an Dr Doegen. Bhí na foirmeacha seo in úsáid ag Doegen freisin le linn dó a bheith ag bailiú ábhair i dtíortha eile, agus is i nGearmáinis a bhí na ceisteanna clóbhuailte. Bailíodh faisnéis thábhachtach ar na foirmeacha seo: dáta breithe, áit dúchais, seoltaí ag staideanna éagsúla saoil, áit dúchais na dtuismitheoirí, leibhéal oideachais, slí bheatha, slí bheatha an athar, leibhéal litearthachta, cumas i dteangacha eile, cumas sa cheol, agus reiligiún. Tá áit ar na foirmeacha freisin le barúil a thabhairt maidir le guth nó urlabhra an chainteora. Tá an fhaisnéis ar na foirmeacha seo á cur ar fáil mar dhlúthchuid den chartlann leictreonach seo.
Tá ábhar eile fós a ghabhann leis an mbailiúchán fuaime. Mar chuid den scéim bhunaidh rinneadh méid áirithe de na taifeadtaí a thrascríobh agus a aistriú go Béarla. Ceadófar an t-ábhar seo ar fad sula gcuirfear trascríobh agus aistriúcháin nua ar fáil mar chuid den acmhainn leictreonach seo.
AIDHMEANNA AN TIONSCADAIL
Is é aidhm Thionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen leaganacha digiteacha de thaifeadtaí Doegen a chur ar fáil ar an nGréasán mar aon le trascríobh, aistriúcháin go Béarla, eolas faoi na cainteoirí, agus ábhar comhthéacsúil eile. Ar an gcaoi sin tá cuid thábhachtach d’oidhreacht chultúrtha na hÉireann á roinnt againn leis an bpobal is mó agus is féidir. Measaimid go mbainfidh réimse leathan daoine leas as an suíomh: teangeolaithe, staraithe, oideachasóirí, ceoleolaithe, lucht taighde ar an nginealas, pobail áitiúla agus an pobal mór i gcoitinne. Chomh maith leis sin, tríd an ábhar a chur i dtaisclann leictreonach táimid ag cur le caomhnú na gceirníní bunaidh ós rud é gur beag an gá a bheidh lena gcasadh nó a láimhseáil feasta.
FOIREANN AN TIONSCADAIL AGUS BUÍOCHAS
Bainisteoir Tionscadail: Siobhán Fitzpatrick, Leabharlannaí Acadamh Ríoga na hÉireann.
Taighdeoir Iardhochtúireachta: Eoghan Ó Raghallaigh.
Foireann Fhaireachlann na nDaonnachtaí Digiteacha (DHO): Dr Susan Schreibman (Stiúrthóir), Don Gourley (Bainisteoir Teicneolaíocht Faisnéise), Dot Porter (Bainisteoir Meiteashonraí), Shawn Day (Speisialtóir Daonnachtaí Digiteacha), Dr Faith Lawrence (Speisialtóir Daonnachtaí Digiteacha), Paolo Battino (Forbróir Gréasáin), Emily Cullen (Comhordaitheoir Clár), agus Bruno Voisin (Forbróir Taisclainne).
Comhpháirtithe Ollscoile: An tOllamh Ruairí Ó hUiginn, Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, agus an Dr Seán Ua Súilleabháin, Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Intéirnigh Iarchéime in 2009: Conchúr Mag Eacháin, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, agus Seán Ó Cathasaigh, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.
Is í Fidelma Slattery, Acadamh Ríoga na hÉireann, a dhear meirge an tsuímh ghréasáin.
Ba mhaith leis an tionscadal buíochas a ghlacadh leis na daoine seo a leanas as cabhrú agus comhoibriú linn:
Herr Jürgen Mahrenholz, Universität-Humbolt, Beirlín.
Jonathan Robinson agus Joanne Sweeney, Leabharlann na Breataine.
Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i gcomhpháirtíocht leis an mBrainse Logainmneacha sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, as cead a thabhairt dúinn úsáid a bhaint as an íomhá-mhapa d’Éirinn ó logainm.ie, Bunachar Logainmneacha na hÉireann.
Is mian leis an tionscadal buíochas a ghlacadh leis na daoine agus leis na hinstitiúidí seo a leanas as páirt a ghlacadh i bpróiseas athmháistrithe Cheirníní Doegen ar dhlúthdhioscaí: An Chomhairle Oidhreachta, an tUasal Ted Kendall, an tUasal Ciarán Ó Duibhín, an tOllamh Máirín Ní Dhonnchadha (OÉG), agus Marie Boran (Leabharlannaí na Sainbhailiúchán, Leabharlann James Hardiman).
EOLAS TEAGMHÁLA
Siobhán Nic Giolla Phádraig, Leabharlannaí Acadamh Ríoga na hÉireann, s.fitzpatrick@ria.ie, 00-353-1-6380910;
Eoghan Ó Raghallaigh, Taighdeoir Iardhochtúireachta, e.oraghallaigh@ria.ie, 00-353-1-6090606.
